Go raibh maith agat as machnamh a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh inár suirbhé maidir le húsáid na hIntleachta Saorga (IS) i suímh oideachais. Tá an taighde seo, atá mar chuid de thionscnamh níos leithne, ag iarraidh tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil teicneolaíochtaí IS á sníomh le hobair an tseomra ranga agus cén tionchar atá acu, dar le múinteoirí. Chomh maith leis sin táthar ag iarraidh tuiscint a fháil ar ábhair bhuartha agus tacaíochtaí maidir le húsáid IS.

Cuspóir an Tionscadail
Is cuid den tionscnamh Erasmus+ ACT AI Academy é an suirbhé seo, a bhfuil sé d’aidhm aige oideachasóirí agus foghlaimeoirí a chumasú trí iniúchadh a dhéanamh ar acmhainneacht IS san oideachas. Déanann an tionscadal seo iniúchadh ar an gcaoi ar féidir le huirlisí IS an teagasc agus an fhoghlaim a fheabhsú, an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn, agus tacú le cleachtais oideachais ionchuimsitheacha agus nuálacha ar fud na hEorpa.

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Oide Teicneolaíocht san Oideachas ag obair i gcomhpháirt lena chéile sa chomhghuaillíocht ACT AI Academy. Tá an taighde á chur i gcrích mar chuid den tionscnamh sin.

Rannpháirtíocht Dheonach agus Anaithnideacht
Tá do rannpháirtíocht sa suirbhé seo go hiomlán deonach. Féadfaidh tú tarraingt siar am ar bith gan aon iarmhairtí. Bailítear gach freagra go hiomlán anaithnid, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a thaifeadadh nó a stóráil, agus ní bheidh aon fhreagraí aonair inaitheanta in aon tuarascáil ná foilseachán.

Má tá aon cheist agat faoin suirbhé nó faoin tionscadal taighde, téigh i dteagmháil le foireann taighde ACT AI ag actai@tcd.ie.

Ráiteas Toilithe
Trí dhul ar aghaidh leis an suirbhé seo, deimhníonn tú:
  • Go dtuigeann tú cuspóir an taighde.
  • Go n-aontaíonn tú páirt a ghlacadh go deonach.
  • Go n-aithníonn tú go mbeidh do chuid freagraí anaithnid agus go n-úsáidfear iad chun críche taighde amháin.

Question Title

* Toilím páirt a ghlacadh sa suirbhé seo. Tuigim go mbeidh na sonraí anaithnid agus go n-úsáidfear iad chun críche taighde. An bhfuil tú sásta leanúint ar aghaidh?

T